Cóid Iompair an Chlub
Meán Fómhair 2026
Treoirlínte do Bhaill agus Tuismitheoirí an Chlub
Cód Iompair sa Chlub
Cuspóirí agus Réimse
Ba chóir go dtarlódh obair óige i dtimpeallacht atá fáilteach, tacúil, cuimsitheach agus sábháilte. Tá sé riachtanach mar sin go gcuirtear páistí agus daoine óga sa chlub ar an eolas maidir leis na teorainneacha ó thaobh a n-iompar agus iad ag tógáil páirte i gclub nó imeacht de chuid Ógras. Mar an gcéanna tá sé ríthábhachtach go bhfuil meas agus cúirtéis léirithe do na ceannairí, mar atá toillte acu sa ról mar cheannaire an chlub.
Tá an Cód Iompair seo ann mar threoir do cheannairí agus iad ag leagadh síos rialacha agus cód iompair/smachta ina gclub féin.
Moltar cód don chlub a fhorbairt i dteannta na mball agus na gceannairí óga chun a chinntiú go bhfuil ionchur ag na baill ar fad sa phróiseas. Cinnteoidh sé seo go dtacaíonn na baill le cur i bhfeidhm an chóid agus go dtógann siad freagracht as spriocanna an chóid a bhaint amach.
Rialacha/Treoracha an Chlub agus Imeachtaí Ógras
Chun a chinntiú go mbaineann gach duine óg leas as an chlub agus go mothaíonn gach duine sábháilte agus iad ag tógáil páirte in imeachtaí an chlub, déantar na rudaí seo a leanas:
- Gaeilge a labhairt i gcónaí ag imeachtaí an chlub
- Tóg páirt ghníomhach agus bíodh ionchur agat in imeachtaí an chlub chomh fada agus gur féidir leat
- Bí cineálta agus taispeáin meas i gcónaí do na daoine eile sa chlub beag beann ar a gcúlra cultúrtha, ábaltacht, inscne nó a mbunús eitneach.
- Meas a bheith agat ar mhaoin an chlub agus ar mhaoin na mball eile chomh maith le haire a thabhairt do do mhaoin féin
- Gan páirt a thógáil i dtromaíocht d’aon chineál ag am ar bith
- Cuir ceannaire ar an eolas má thugann tú faoi deara go bhfuil tromaíocht ar siúl ag baill eile
- Bí béasach, cothrom, macánta agus léirigh meas i gcónaí nuair atá tú ag plé le baill eile agus leis na ceannairí. Bí aireach do mhothúcháin daoine eile i do ghníomhaíochtaí agus nuair atá tú ag labhairt.
- Tuairiscigh aon iompar a dhéanann míchompordach tú, leis an cheannaire nó don duine ainmnithe
- Lean rialacha Ógras agus treoracha an cheannaire i gcónaí
- Fan sa seomra / halla ina bhfuil an club ar siúl agus ná téigh chuig aon áit eile gan cead nó i d’aonar
- Ná tóg grianghraif agus ná déan taifead d’aon duine sa chlub gan cead ó na ceannairí agus é a bheith faoi stiúir an cheannaire (féach ar ár bpolasaí Idirlíne & ár bPolasaí Frithbhulaíochta)
- Tá cosc iomlán ar gníomhaíochtaí gnéasach le linn imeachtaí Ógrasi
- Ba chóir go mbeadh daoine óga curtha ar an eolas maidir leis na rioscanna agus rialacha a bhaineann le húsáid teicneolaíocht agus na meán shóisialta (féach ar ár bPolasaí Idirlíne)
- Iompar a chuirfeadh aon duine eile atá sa chlub in aon bhaol a sheachaint
- Baisteachán, drochtheanga, agus ráitis díspreagúla a sheachaint
- Aird na ngasúr a dhíriú ar bhruscar agus glaineacht na háite. Ba chóir cúig nóiméad a thógáil ag deireadh na hoíche le glanadh suas.
- Níl cead fón póca a úsáid le linn imeachtaí an chlub gan cead ón cheannaire
- Níl cead ithe nó ól sa chlub muna bhfuil céad faighte roimh ré ó húinéirí an halla/an tsuímh.
- Tá cosc iomlán ar alcóil, tobac, vápáil, nicitín agus aon substaintí mídhleathacha le linn imeachtaí Ógras
Rialacha na heagraíochta maidir le turais thar oíche:
- Bain sult as an turas agus an comhluadar thar an deireadh seachtaine/thar oíche
- Labhair Gaeilge i gcónaí
- Tá cosc ar dhul isteach aon seomra codladh eile ach amháin an ceann a tugadh ar an chéad oíche. Más mian nó más gá duit bogadh is gá cead a lorg ón fhoireann/ceannairí roimh ré.
- Níl cead bia nó deoch a thógáil go dtí na seomraí leapa seachas buidéal uisce
- Caithfear an seomra a ghlanadh agus na héadaí leapa a bhaint den leaba sula n-imíonn tú
- Ní mór a bheith aireach faoi dhaoine eile ag fanacht mórthimpeall ort. Caithfear a bheith ciúin sna seomraí leapa agus gan cur isteach ar aon duine.
- Caithfear a bheith ciúin sna seomraí codlata tar éis am ‘solas múchta’
- Ná fág tuáillí nó earraí níocháin (toiletries) i do dhiaidh sa chith nó sa seomra folctha
- Bíodh meas agat ar an bhrú, ort féin agus ar na daoine atá ag roinnt an bhrú leat
- Coimeád d’eochair chárta (key card) sábháilte má tá ceann agat. Beidh costas le híoc leis an bhrú má chaileann tú eochair chárta.
- Bailítear na fón póca ag am luí gach oíche agus is féidir iad a fháil ar ais ar maidin ag am bhricfeasta
Rialacha na heagraíochta maidir le Turas Lae:
- Labhair Gaeilge i gcónaí
- Is gá do bhaill agus do cheannairí crios sábhála a chaitheamh le linn an turais bus
- Níl cead ithe nó ól ar an bhus ach amháin uisce
- Na déan aon rud le cur as don tiománaí nó d’éinne eile ar an bhus
- Bíodh meas agat ar an ionad, ort féin agus ar na daoine eile atá ar an turas leat
- Lean treoir na gceannairí
- Ná fág aon bhruscar ar an bhus nó ag an ionad
- Ná bain le haon rud nach mbaineann leat
- Ná himigh ón ghrúpa gan cead ón cheannaire
Rudaí a dhéantar má sháraítear an cód iompair
Thíos tá liosta de na bealaí a déileáileann foireann + ceannairí Ógras le sáraithe:
Leithscéal a ghabháil- Cailleadh amach ar phribhléid nó ar phribhléidí
- Tuismitheoirí curtha ar an eolas
- An duine óg a dhíbirt ón imeacht/club ar feadh seal ama nó go síoraí
Nuair a tharlaíonn eachtra, déantar cinneadh ar an iarmhairt ag brath ar cé chomh trom- chúiseach is atá sé.
1. Samplaí d’iompar mí-oiriúnach:
- Gan a bheith ag leanúint treoracha
- Iompar suaiteach
- Labhairt Béarla sa chlub
- Drochmheas a léiriú/bheith drochbhéasach
- Ais fhreagairt
Rudaí a dhéantar i gcás iompair mí-oiriúnach sa chlub:
- An chéad uair go dtarlaíonn eachtra faigheann siad rabhadh ó bhéal agus beidh orthu leithscéal a ghabháil leis na ceannairí/baill lena mbaineann sé
- Má tharlaíonn sé don dara huair rachaidh a n-ainm sa leabhar eachtraí/timpistí agus beidh ar an pháiste suí amach as an ócáid/as an gcluiche
- Tar éis na rialacha a bhriseadh trí huaire – teagmháil le tuismitheoirí.
- Tar éis na rialacha a bhriseadh ceithre huaire – díbirt ón gClub.
I gcásanna tromchúiseacha is féidir gasúir a dhíbirt láithreach ón gClub, ach ní mór glaoch a chur ar an tuismitheoir láithreach agus b’fhéidir go mbeadh gá teagmháil a dhéanamh leis an Teagmhalaithe Ainmnithe (DLP).
2. Samplaí d’iompar thromchúiseach nuair is féidir/ gá don cheannaire na smachtbhannaí is géara a úsáid:
- Troid nó foréigean
- Bulaíocht
- Drochmheas a thaispeáint d’éinne bunaithe ar inscne, cúlra, cultúr, ábaltacht nó a mbunús eitneach.
- Drochmheas a léiriú don cheannaire
- Damáiste d’aon ghnó de mhaoin nó trealamh an chlub / an halla / na scoile
- Ag ól alcóil
- Ag caitheamh tobac,vápáil nó ag baint úsáid as aon sustáint le nicitín
- Míúsáid substainte
Rudaí a dhéanfar i gcás mí-iompar ar turas thar oíche:
- Labhróidh ball d’fhoireann Ógras leis an bhall agus míneoidh siad na rialacha don bhall/na baill arís
- Mar leanann an droch iompar ar aghaidh cuirfear glaoch ar na tuismitheoirí agus iarrtar orthu labhairt leis an pháiste agus iarraidh orthu feabhas a chur ar a gcuid iompar
- Muna dtagann réiteach ar an fhadhb beidh ar na tuismitheoirí an ball a thógáil abhaile
- I gcás eachtra tromchúiseach cuirfear glaoch ar na tuistí láithreach agus caithfidh siad socrú a dhéanamh an páiste a bhailiú láithreach.





