Polasaí Ógras i dtaobh grianghraif agus físeáin a thógáil 2026

Meán Fómhair 2026

Réamhrá


Is é aidhm an pholasaí seo ná a chinntiú go gcloítear le dea-chleachtas agus go mbaineann Ógras úsáid as íomhanna leanaí /daoine óga, go freagrach chun an leanbh/duine óg, an eagraíocht agus úsáid na n- íomhanna seo a chosaint. Is fíor é seo faoi ghrianghraif/íomhánna ina gceart féin agus i bhfoirm fhoilsithe (go leictreonach nó ar bhealaí eile).


Na Príomhábhair Imní 


  • Go bhféadfaí leanaí/daoine óga a aithint nuair atá grianghraf/íomhá in éineacht le heolas pearsanta
  • Úsáid, athchóiriú nó cóipeáil neamhfhóirsteanach d’íomhánna le húsáid ar shuíomhanna gréasáin pornagrafaíochta leanaí agus/nó chun críche mealltóireachta. 
  • Grianghraif/íomhánna neamhfhóirsteanach a ghlacadh de leanaí/daoine óga 
  • Dáileadh neamhfhóirsteanach de ghrianghraif/íomhánna de leanaí/daoine óga trí fhón póca, ríomhphost nó trí mheáin leictreonacha eile. 


Treoirlínte le hÍomhánna a Thaifeadadh 


(i) Ní mór go mbeadh na leanaí/ daoine óga atá i dtaifeadtaí a bheith gléasta go hiomlán agus ní mór go gclúdódh na baill éadaigh sheachtracha a gcabhail. 

(ii) Níor chóir grianghraf nó físeáin a ghlacadh de leanaí/daoine óga agus éadaí snámha á chaitheamh acu. 

(iii) Tá cosc iomlán ar ghrianghrafanna nó físeáin a thógáil i seomraí feistis, seomra leapa nó achar leithris

(iv) Ba cheart go ndíreodh an grianghraf/íomhá ar an ghníomhaíocht. 

(v) Nuair is féidir ba chóir íomhánna de leanaí agus de dhaoine óga a thaifeadadh i ngrúpaí beaga seachas mar leanaí/daoine óga aonair. 

(vi) Ba chóir go mbeadh sé mar aidhm aghaidheanna Leanaí/Dhaoine Óga i ngrúpaí de cheathrar nó níos lú a cheilt nó a dhoiléiriú, chun an baol mí-úsáid na n-íomhánna a laghdú.

(vii) Féadfar íomhánna soiléire d’aghaidheanna Leanaí/Dhaoine Óga i ngrúpaí de chúigear nó níos mó a úsáid, ar choinníoll go bhfuil cúig aghaidh ar a laghad le feiceáil san íomhá. Déantar é seo chun é a dhéanamh níos deacra na híomhánna a athrú trí IS.

(viii) Ba chóir grianghraif/íomhánna chuí a úsáid an t-am ar fad. 

(ix) Ba chóir iarracht a dhéanamh grianghraif nó físeáin a léiríonn éagsúlacht na Leanaí/ ndaoine óga a fhreastlaíonn ar imeachtaí Ógras a úsáid; inscne difriúil , meascán aoiseanna, cumas agus grúpaí éagsúla

(x) Is féidir íomhánna nó físeáin a úsáid ar shuíomh idirlíne Ógras, ar na meáin shóisialta agus i bhfoilseacháin eile.

(xi) Is féidir le baill foirne agus oibrithe deonacha trealamh grianghrafadóireachta agus digiteach a úsáid mar uirlis traenála. Ach is gá go 

mbeidh cead faighte ó na leanaí / daoine óga agus a dtuismitheoirí/gcaomhnóirí agus go dtuigeann siad go bhfuil sé seo mar 

chuid den chlár oibre. 

(xii) Is gá a bheith cúramach agus a leithéid grianghraf/íomhánna á stóráil agus ba chóir cloí le polasaí Cosaint Sonraí Ógras

(xiii) Níor chóir go gcuirfeadh aon ghrianghraf ná físeán náire ar leanbh ná ar an duine óg

(xiv) Ní ceadmhach íomhánna ná físeáin a bhfuil téamaí míchuí, foréigneacha nó míoiriúnacha iontu a úsáid.

(xv) Ní thógfaidh baill foirne nó ceannairí ghrianghraif/físeáin de Leanaí /daoine óga ar chúiseanna ar bith ach amháin ar chúis oifigiúil ag imeachtaí de chuid na heagraíochta.

(xvi) Ba chóir na grianghraif/físeáin seo a scrios ón fón tar éis iad a chur ar na meáin shóisialta nó fiú muna mbaintear úsáid astu. Is gá iad a scrios chomh luath agus is féidir ionas nach bhfuil daoine ag siúl timpeall le moll mór grianghraf/físeáin de bhaill Ógras ina seilbh.

(xvii) Déanfar athbhreithniú gach bliain chun aon sean-íomhánna nó físeáin a bhaint anuas. Coinneoidh Ógras grianghraif / chomh fada agus mian leis an eagraíocht iad a choinneáil.


Treoirlínte le hÍomhánna a Fhoilsiú/Athchruthú 


  • Níor chóir mionsonraí pearsanta leanaí ar nós seoladh ríomhphoist, seoladh baile agus uimhreacha teileafóin a nochtadh riamh.
  • Níl sé inghlactha an t-ainm baiste, sloinne agus ainm an chlub óige/tionscadail a fhoilsiú ag an am céanna. Ná cuir eolas breise ar fáil a d’fhéadfadh cuidiú le duine leanbh/duine óg a aimsiú nó a d’fhéadfaí a úsáid mar uirlisí mealltóireachta (m.sh. caithimh aimsire/rudaí a bhfuil spéis aige/aici iontu, rudaí a thaitníonn/nach dtaitníonn leo, srl.).
  • Má úsáidtear ainm an chlub, an tionscadail nó na gníomhaíochta, cinnteoidh Ógras nach n-ainmneofar an leanbh/duine óg atá le feiceáil sa ghrianghraf/íomhá.
  • Caithfidh tuismitheoirí / caomhnóirí cead ginearálta maidir le grianghraif a thabhairt nó gan a thabhairt sna foirmeacha cheadaithe agus thoilithe a úsáideann Ógras agus mar chuid den Fhoirm clárúcháin ar-líne le haghaidh clubanna/campaí/gníomhaíochtaí/turais. (i.e. leanaí /daoine óga ag glacadh páirt i ngníomhaíochta laistigh den tseirbhís le húsáid i nuachtlitir ábhar poiblíochta, sna meáin agus na meáin shóisialta.


Má bhaintear úsáid as grianghrafadóirí seachtracha/gairmiúla is gá a chinntiú go bhfuil na sonraí teagmhála iomlána de ghrianghrafadóir ag an eagraíocht/gclub. 


Mínigh go soiléir do ghrianghrafadóirí gairmiúla go mbeidh na híomhánna uile a ghlactar faoi úinéireacht Ógras, agus nach féidir iad a úsáid nó a dhíol chun críche ar bith eile. 


Athbhreithniú Polasaí


Déanfaidh Ógras athbhreithniú ar an mbeartas seo gach trí bliana, nó níos luaithe más gá, i bhfianaise forbairtí in intleacht shaorga (IS) agus i dteicneolaíochtaí eile. Cinnteoidh sé seo go bhfanfaidh an beartas cothrom le dáta agus go leanfaidh sé de bheith i gcomhréir leis an reachtaíocht, na rialacháin agus na treoirlínte ábhartha go léir