top of page
Bunú Club nua
Photos_as_T%C3%83%C2%ADr_Chonaill_Samh_0

(Ag bunú club nua? Féach eolas agus cabhair sna naisc a leanas) 

Fiosrúcháin, pleanáil agus réamhobair

"Tús maith leath na hoibre" - agus ní haon eisceacht é bunú club óige de chuid Ógras. Ná bí ag brostú, déan fiosruithe, pleanáil agus réamhobair agus faigh tacaíocht ó fhoireann Ógras. Seo roinnt treoracha daoibh agus sibh ag déanamh fiosruithe faoi chlub óige a bhunú.

Cá mbeadh an club lonnaithe? Is ceann de na bun socraithe é áit a fháil don chlub. Tá áiseanna oiriúnacha coitianta go leor, agus go minic bíonn rogha áiteanna ar fáil. Nuair atá tú ag iarradh áit oiriúnach a fháil don chlub, is iad na tosaíochtaí ná go mbeidh spás ann chun cluichí a imirt, go mbeidh sé ar fáil ar chíos réasúnta (€20 - €40). Bheadh sé ina buntáiste dá má rud é go mbeadh stáitse agus seomraí breise ar fáil, agus go mbeidh cead céilí nó dioscó a eagrú.

 

Réamhscrúdú an

Gharda Síochána

 

Más sna fiche sé chontae atá tú, ní mór go mbeidh réamhscrúdú an Gharda Síochána déanta ag gach duine fásta a mbeidh ag obair leis an óige sa chlub. Is féidir na foirmeacha a fháil ó Ógras. Tógann sé tamall maith (6-8 Seachtaine) chun an phróiseas a críochnú, agus mar sin is féidir tosnú roimh na torthaí a fháil ar ais, fad is atá na foirmeacha sheolta isteach.

 

Access NI

Más sna sé chontae atá tú, ní mór duit dul tríd an próiseas Access NI.

Ógras_T-leinte_dearga.jpg
'' Ná bí ag brostú, déan fiosruithe, pleanáil agus réamhobair agus faigh tacaíocht ó fhoireann Ógras ''
Garda-Logo.png

Árachas

 

Ní mór go mbeidh gníomhachtaí an chlub clúdaithe faoi scéim aráchais. Go minic bíonn scéim aráchais ag an Ionad Pobail srl agus is féidir an chlub óige a bheith clúdaithe faoin scéim sin. Mura bhfuil an chlub clúdaithe faoi scéim mar sin, is féidir aráchais a fháil trí Ógras.

 

Poiblíocht 

 

Tá sé tábhachtach an scéal a scaipeadh i measc an phobail. Is cinnte go bhfuil sé níos éasca club óige a reachtáil gan a lán baill, ach ní bíonn an chraic chéanna ann. Abair leis an domhan mór go bhfuil club óige le bunú i bhur gceantar. Is féidir póstaeir a sheoladh isteach chuig na scoileanna agus siopaí áitiúla, scéal a chuir isteach go dtí an raidió agus na nuachtáin áitiúla.

Fiachra%20Niall%20%26%20Seosamh_edited.p
Nuair atá tú ag iarradh áit oiriúnach a fháil don chlub, is iad na tosaíochtaí ná go mbeidh spás ann chun cluichí a imirt, go mbeidh sé ar fáil ar chíos réasúnta
OGRAS BRATACH-1.jpg

Oíche chlárúcháin 

 

Ba cheart oíche a roghnú mar oíche clárúcháin don chlub. Is féidir baill nua agus na tuismitheoirí teacht isteach, bualadh leis an bhfoireann agus an chlub a phlé libh agus le chéile. Is féidir spriocanna an chlub, ról na dtuismitheoirí sa chlub agus rialacha an chlub a phlé agus is féidir socrú ar oíche agus am do theacht le chéile an chlub agus róta a chur le chéile. Is féidir Oifigeach d'Ógras a fháil le labhairt ag an gcruinniú chomh maith. Is féidir an cruinniú seo a úsáid mar cruinniú cinn bhliana faoin chlub, coiste a roghnú agus plean bliana a phlé.

 

Oiliúint 

 

Is féidir oiliúint a fháil trí Ógras, is féidir oifigeach Ógras teacht agus cúrsa 'cur in aithne' a thabhairt do na hábhair treoraithe agus na hábhair ceannaireachta. Is féidir ceisteanna maidir le riaradh an chlub óige, pleanáil imeachtaí agus airgead, freagrachtaí na dtreoirithe agus freagrachtaí na gceannairí óga a phlé. Is féidir na háiseanna, buanna, scileanna agus laigí na háite agus an phobail a phlé chomh maith.

 

Bíonn cúrsaí traenála in ábhar éagsúla eagraithe ag Ógras agus curtha ar fáil do cheannairí agus do threoraithe an chlub óige i rith an bhliain. Is féidir cúrsa ar cosaint leanaí, conas ceannairí a fhorbairt, smacht na gceannairí, réiteach fadhbanna, conas deileáil leis an óige agus eile. Is féidir le Ógras cúrsaí a chur ar fáil sula dtosnaíonn an club nó go luath ina dhiaidh.

 

I gcás club d'Óg-Ógras a bhunú, níl na deacrachtaí céanna i gceist ach ní mór daoibh a bheith ullamh don phléascadh fuinnimh sin atá ag gasúir óga. B'fhiú go mór do gach club óige d'Ógras, club d'Óg-Ógras a bhunú.

Tuilleadh eolais ar fáil anseo.

Is féidir oiliúint a fháil trí Ógras, is féidir oifigeach Ógras teacht agus cúrsa 'cur in aithne' a thabhairt do na hábhair treoraithe agus na hábhair ceannair-eachta

An Club Óige

Anois tá sibh réidh le bhur gclub óige féin a thosú agus de ghnáth maireann an club-bhliain 32 seachtain. Bí cinnte tús maith a chur leis agus go mbeidh treoraithe agus na tuismitheoirí ón róta i láthair. Bí cinnte go bhfuil na baill uilig cláraithe i gceart agus go bhfuil ainm, seoladh, dáta breithe, uimhir guthán, uimhir neasghaol agus buneolas ar aon riachtanais leighis atá ag an duine óg.

Níl fágtha ansin ach an obair crua, bí cinnte go bhfuil amchlár agaibh don tseachtain seo chughain agus plean míosúil.

bottom of page