top of page
Cén cineál árachais?
Ógras Kayak Aracahas.jpg

(Ag bunú club nua? Féach eolas agus cabhair sna naisc a leanas) 

Ní mór go mbeidh gníomhachtaí an chlub clúdaithe faoi scéim aráchais.

 

Go minic bíonn scéim aráchais ag an Ionad Pobail srl agus is féidir an chlub óige a bheith clúdaithe faoin scéim sin. Mura bhfuil an chlub clúdaithe faoi scéim mar sin, is féidir aráchais a fháil trí Ógras.

 

 

 

Dliteanas Poiblí

Clúdaíonn sé seo an foirgneamh agus aon timpistí a tharlaíonn ann i.e. Daoine gortaithe/maraithe de bharr úsáid réasúnta an fhoirgnimh in ainm an chlub. Bíonn clúdach árachais ar na foirgnimh, ag na coistí áitiúla (pobail & srl) ach de ghnáth iarrtar ar an chlub óige a pholasaí féin a chur i bhfeidhm i dtreo is nach mbeidh aon chás tugtha in aghaidh pholasaí an choiste. Tugtar slánaíocht d’úinéirí, do choiste agus do bhord bainistíochta an halla i gcás gur tharla timpiste.

 

Clúdach Ball go Ball

 

Clúdaíonn sé seo na baill óna chéile agus iad i mbun gníomh faoi ‘stiúir réasúnta’ an chlub. Tagann an clúdach seo i bhfeidhm go mór nuair atá imeachtaí ar nós uni-haca, cispheil agus spóirt eile mar iad ar siúl. Clúdaíonn an polasaí seo gach ball cláraithe in aghaidh timpiste spóirt i.e. Buille fill déanta orthu ag ball eile sa chlub. Ní mór cúram réasúnta a bheith tugtha ag gach éinne, go háirithe na cinnirí, chun go mbeadh an clúdach seo i bhfeidhm.

Colorful Pamphlets
"Mura bhfuil an chlub clúdaithe faoi scéim mar sin, is féidir aráchais a fháil trí Ógras"
Insurance Agent

Imeachtaí clúdaithe

Ógras siúlóidí ceadaithe.jpg

I measc na n-imeachtaí ceadaithe: Siúlóidí, tráth na gceist, ceolchoirm, srl agus céilí nó dioscó poiblí

Sásta.png
Leis an árachas seo, bíonn gnáth imeachtaí an chlub óige clúdaithe. 
Sa bhreis ar an méid sin, bíonn campaí samhraidh do pháistí ó 6 – 16 bliain d’aois, malartaithe óige idirnáisiúnta, ócáidí bailiú airgid – siúlóidí, tráth na gceist, ceolchoirm, srl agus céilí nó Dioscó Poiblí – caithfear fógra a thabhairt d’Ógras roimh ré.

Imeachtaí nach bhfuil clúdaithe

  • Tumadóireacht uathscámhóga (aqualung diving)

  • Eitilt (ach amháin ag íoc táille)

  • faoileoireacht foluana (hang-gliding)

  • Paraisiútáil Parachuting

  • Ag fiach

  • Ag fiach ar chapall (Hunting on Horseback)

  • Póló

  • Seóléimneach (Show jumping)

  • Léimrás (Steeple Chasing)

  • Rásaíocht: tiomáint, seoltóireacht, marcaíocht (Racing – Driving, Sailing or Riding)

  • Ag rothaíocht gluaisrothar, motorscútar mar thiománaí nó paisinéir

  • Spóirt gheimhridh ach amháin curláil agus scátáil oighir

  • Peil, ach amháin sacar amaitéarach

  • Rugbaí amaitéarach

  • Peil Ghaelach amaitéarach

  • Iomáint amaitéarach

  • Sléibhteoireacht (Tá siúl sléibhte clúdaithe ar bhealaí ainmithe)

  • Dreapadóireacht d'aill agus carraigeacha

  • Rópadóireacht anuas /Abseiling

  • Bualadh clasán/Gully Bashing

  • Imeachtaí faoi thalamh / Subterranean

  • Imeachtaí nó spóirt le rópa leaistice / Elastic Rope Sports or Activities

  • Aon imeacht nó spórt a bhfuil baol nó riosca pearsanta ann

  • Ag imeart spórt proifisiúnta

  • I mbun seirbhíse le fórsaí armtha

Míshásta.png

Is sampla é an líosta seo, má tá tú in amhras faoi imeacht faoi leith atá i gceist agaibh a chur ar fáil, is ceart teacht i dteagmháil le Ógras chun é a phlé.

Má tharlaíonn timpiste… coimeád taifead!

Má tharlíonn aon sórt timpiste, ní mór taifead a chur le chéile.

 

1. Cad a tharla?

2. Cé a bhí i láthair?

3. Am agus áit a tharla an t-eachtra

4. Ná ráitis éagsúla a dúirt an ball/nó baill eile a bhí i láthair

5. Gortú nó damáiste d’aon duine nó d’áiseanna an óg-chlub

6. Moltaí chun an cás a réiteach

7. I gcás timpiste do bhall is gá na tuismitheoirí a chur ar an eolas chomh luath agus is féidir

leigheas.png
Pencil and notepad

Costas árachais an duine

Is €20 an ball an costas atá ar árachais bliana. Beidh an ball clúdaithe ón ????????????????????????

Form
bottom of page