top of page

Turais Réigiúnda Ógras

Ó am go ham tríd na bliana, ach go háirithe i rith an tSamhraidh agus timpeall ar an Nollag, téann grúpaí Ógras ar thurais lae áitiúil chun bualadh le grúpaí Ógras eile agus gníomhaíocht spraíúil a dhéanamh.

 

Tacaíonn na turais seo le forbairt féinmhuinín na daoine óga. Spreagann sé rannpháirtíocht agus tugann sé deis do na baill cairde nua a dhéanamh agus a bheith páirteach in imeachtaí nua agus suimiúil, trí Ghaeilge.

 

Tugann siad freisin seans taisteal go cheantair éagsúla. De ghnáth bíonn gníomhaíochtaí fisiciúla nó oideachasúla (agus lón!) i gceist, agus baineann na baill sár-taitneamh as na turais, ag fágáil le cuimhní sonasach agus mothú chomh-muintearais

L1.jpg

Turas RéigiúndaÓgras 2021
Luimneach
Bhí lá iontach ag baill Óg-Ógras ó Chiarraí, Luimneach agus Gaillimh ag Nevsail Watersports i Luimneach ar Satharn i Mí Meitheamh.
Imeachtaí iontacha agus píotsaí deasa ó
Papa John's Pizza!

T3_edited.jpg

Turais Réigiúnda Ógras 2021
Trá Mhór, Port Láirge
Bhí am iontach ag muintir Ógras Nás na Ríogh i Mí Meitheamh ag tonnmarcaíocht i Trá Mór agus an grian ag scoillte na cloiche!

C1_edited.jpg

Turais Réigiúnda Ógras 2021
Ionad Eachctríochta Cairlinn
Lá iontach ag muintir Òg-ógras ag ionad eachtraíochta Cairlinn i Mí Meithimh. Tuirseach traochta ag dul abhaile ach sona sásta.

BW1.jpg

Turais Réigiúnda Ógras 2021
Coill Bhaile Ó Sioda
Bhí lá iontach ag Òg-Ógras Chiarraí ag siúl agus ag foghlaim i gCoill Bhaile Ó Siodai Mí Bhealtaine. D'fhoghlaimíodar faoin bhflóra agus fána agus an fiadhúlra sa choill..

bottom of page