top of page
Cosaint Leanaí
Child care AdobeStock_293675149.jpg

Traenáil d'oibrithe agus dár bhfoireann

Tá dualgas cúraim áirithe againn mar oibrí óige. Caithfidh muid a bheith gníomhach ó thaobh cosaint daoine óga agus cosc ar gach díobháil dóibh. Glacann ár bhfoireann agus ár n-oibrithe deonacha freagracht ó thaobh cosaint daoine óga de. Chun cinntiú go bhfuil na scileanna riachtanacha ag ár n-oibrithe óige ionas gur féidir leo an ghné seo don obair s'acu a dhéanamh i gceart, cuireann Ógras cúrsaí thraenála ar fáil dár n-oibrithe deonacha agus ár bhfoireann. Caithfidh éinne a oibríonn le daoine óga na cúrsaí thraenála seo a thógáil go rialta. Is féidir leat dul i dteagmháil le d'Oifigeach Forbartha áitiúil chun ceann a eagrú dod' Chlub. Tá Polasaí um Chaomhnú Leanaí agus Ráiteas um Chosaint Leanaí againn freisin, atá ar fáil ar ár leathanach Polasaithe. Má tá aon cheisteanna agat ó thaobh cosaint leanaí de, téigh i dteagmháil lenár bhfoireann chun tuilleadh eolas a fháil. 

Má tá buairt níos tromchúiseach nó práinneach agat, faoi chás nó faoi dhuine áirithe, téigh i dteagmháil lenár dTeagmhálaí Ainmnithe thíos:​

 

Tá Ógras tiomanta do sheirbhís shlán, sábháilte agus oscailte a chur ar fáil, ó thaobh obair óige agus cosaint leanaí de. Déantar é seo trí na prionsabail seo a leanas a chur i bhfeidhm san eagraíocht:

  • Is é leas an linbh an rud is tábhachtaí thar aon ní eile

  • Tá gach duine freagrach as sábháilteacht agus cumhdach leanaí

  • Tá sé de cheart ag leanaí go n-éistfí leo agus go dtabharfaí aird ar an méid atá le rá acu.

  • Tugtar ómós do thuismitheoirí agus do chúramóirí agus ba chóir dul i gcomhairle leo ar roinnt cúrsaí faoi leith; ba cheart go mbeadh baint acu le ceisteanna a bhaineann lena dteaghlaigh ach amháin sa chás go gcuirfeadh sé an páiste i mbaol é seo a dhéanamh

  • Caithfidh gach ball foirne agus gach duine deonach curtha faoi réamhscrúdú an Gharda Síochána

  • Treoirlínte Cosaint Leanaí agus Cód Cleachtais a chur ar fáil do cheannairí agus foireann

  • Traenáil a chur ar fáil don fhoireann agus do cheannairí maidir le polasaithe na heagraíochta

  • Eolas a roinnt leis na húdaráis chuí ar bhonn riachtanais

  • Cloí leis na nósanna imeachta atá leagtha síos maidir le hearcú agus roghnú foirne agus daoine deonacha

  • Foireann agus daoine deonacha a bhainistiú go héifeachtach tríd tacaíocht, traenáil agus maoirseacht

  • Athbhreithniú a dhéanamh ar ár Ráitis Cumhdach Leanaí agus ar ár bPolasaí agus Treoirlínte Cumhdach Leanaí gach dara bliain nó níos minice má bhíonn gá de bharr athruithe sa reachtaíocht nó polasaí náisiúnta

'Caithfidh éinne a oibríonn le daoine óga na cúrsaí thraenála seo a thógáil go rialta. Is féidir leat dul i dteagmháil le d'Oifigeach Forbartha áitiúil chun ceann a eagrú dod' Chlub'

Caithfidh ceannairí:

  • Meas a léiriú do gach duine

  • Teanga oiriúnach a úsáid is iad ag labhairt le daoine óga, páistí, tuismitheoirí agus le ceannairí eile.

  • A bheith ar an eolas faoi pholasaithe an chlub.

  • A bheith ina eiseamláir mhaithe dos na baill; ba chóir dóibh éisteacht, iompar maith a mholadh agus caitheamh le gach duine le meas.

  • Déileáil le tromaíocht i measc na baill, na ceannairí, tuismitheoirí agus cuairteoirí.

  • Cinntiú go bhfuil gach páipéarachas a bhaineann le ballraíocht agus árachais suas chun dáta agus i bhfeidhm

  • Cinntiú go bhfuil taifead ar bhallraíocht, árachais,
    turais agus imeachtaí in ord.

  • Cinntiú go bhfuil caidreamh cóir acu leis na baill.

  • Cinntiú go bhfuil aon teagmháil fisiciúil leis na baill cóir
    agus ag cloí leis an pholasaí cosaint leanaí.

  • Polasaí an Chlub a thuiscint agus cloí leo.

  • Tuiscint a bheith acu ar céard atá i gceist le rúndacht.

  • Cloí le rialacha a bhaineann le húsáid ríomhphoist, idirlín
    agus fón nuair atá siad ag déanamh teagmháil leis na baill.

 

Ní chóir do cheannairí
  • Neamhaird a dhéanamh ar aon líomhaintí nó eolas a nochtar dóibh.

  • Gealltanas a thabhairt go gcoinneoidh siad rún.

  • Briogadh gnéasúil a dhéanamh nó cluichí garbh fisiciúil a imirt leis na baill.

  • Úsáid a bhaint as, nó ligeann do na baill úsáid a bhaint as teanga mhí-oiriúnach.

  • Páirt a ghlacadh in aon iompar nó caint a bhféadfadh ball a dhéanamh míchompordach nó míshásta.

  • Aon rud pearsanta a dhéanamh don duine óg atá siad ábalta déanamh dóibh féin.

  • Páistí a thabhairt abhaile leo.

  • Grianghraif nó físeáin a thógáil nó a úsáid gan cead.

  • Barraíocht am a chaitheamh ina aonar le haon bhall.

  • Aon bhall a thabhairt sa charr leo ina aonar ach amháin i gcás éigeandála.

I ndiaidh aon eachtra ina síleann ceannaire go raibh míthuiscint faoina iompar ba chóir don cheannaire tuairisc scríofa a thabhairt don Oifigeach Cosaint Leanaí chomh luath is gur féidir leo.

Ná déan dearmad:
'sé do ról ná tuairisciú – ní imscrúdú – a dhéanamh


Má tá imní ort go bhfuil mí-úsáid fhisiciúil, ghnéis, goilliúnach nó faillí á dhéanamh ar pháiste
:

  • an taifead ar gach fianaise a thacaíonn leis an mhéid atá tú buartha faoi.

  • Labhair le hOifigeach Cosaint Leanaí (OCL) an club.

  • Más gá rachaidh an OCL i dteagmháil leis na húdaráis chuí.

 

Gan dabht tá súil againn uilig nach mbeidh orainn déileáil le cás mar seo go deo, ach tá sé ríthábhachtach go mbeidh a fhios ag gach éinne cad gur cóir a dhéanamh má tharlaíonn a leithéid. Má tharlaíonn aon rud a chuireann imní ort maidir le cosaint leanaí, tá dualgais ort é a chur in iúl don Oifigeach Cosaint Leanaí agus tá cead agat tuairisciú a dhéanamh chuig Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus/nó na Gardaí má tá imní fós ort faoi chosaint leanaí sa chlub.

 

Ná déan dearmad: 'sé do róil ná tuairisciú – ní imscrúdú – a dhéanamh.

Má nochtann páiste duit go bhfuil mí-úsáid á dhéanamh ag duine éigin orthu
  • Lig don pháiste labhairt gan cur isteach ar an méid atá le rá.

  • Cuir in iúl don pháiste go nglacann tú leis an méid atá ráite agus nach ar an pháiste atá an lucht.

  • Ná déan breithiúnas ar bith agus ná déan gealltanas rún a choinneal

  • Abair go bhfuil tú ansin chun tacú leis an pháiste ach go gCAITHFIDH tú an scéal a thuairisciú don OCL

  • Déan taifead scríofa ar an méid atá ráite i bhfocail an pháiste

  • Labhair leis an OCL chomh luath agus is féidir 

  • Má tá an páiste i mbaol déan teagmháil ar an bpointe le Seirbhísí Cosaint Páistí nó na Gardaí / Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann (Police Service of Northern Ireland)

  • Déan taifead ar aon ghníomh atá déanta agat agus déan tuairisc don OCL

 

 

Má dhéantar líomhaintí ar cheannaire
eile nó ort féin:

  • Déan taifead ar an méid a dúradh

  • Cuir an scéal in iúl don OCL

  • Rachaidh an OCL i dteagmháil leis na húdaráis chuí.

Tá dualgais príobháideacht an pháiste a chosaint chomh maith, mar sin, coinnigh na sonraí ar fad rúnda agus ná roinn an t-eolas ach amháin leis an Oifigeach/Údaráis cuí agus na tuismitheoirí.
Pointí Sábháilteachta

Pointí sábháilteachta bunúsacha gur chóir a mheas i gclub óige:

 

  •  Ba chóir go mbeadh ráiteas sábháilteachta le feiceáil go soiléir in áiteanna go mbíonn imeachtaí Ógras ar siúl.

  •  Ba chóir go mbeadh tuiscint bhunúsach ag ceannairí ar nósanna gharchabhair.

  •  Ba chóir go mbeadh bosca garchabhair ar fáil i gcónaí.

  •  Ba chóir aithint a dhéanamh ar na grúpaí atá freagrach má tharlaíonn dóiteán nó timpiste, agus an liosta de na daoine a ainmnítear ar taispeáint go soiléir.

  •  Ba chóir bealach éigeandála agus pointe cruinnithe a shocrú agus a thaispeáint do gach éinne.

  •  Ba chóir bealaí éalaithe a bheith marcáilte agus coinnithe glan, inrochtana i gcónaí.

  •  Ba chóir druileanna tine agus éigeandála a chur i gcrích go rialta.

  •  Ba chóir uimhreacha teileafóin éigeandála a bheith ar fáil go héasca i gcás éigeandála.

  •  Ba chóir do thuismitheoirí/chaomhnóirí a bheith ar an eolas faoi nósanna imeachta timpiste agus éigeandála atá i bhfeidhm don chlub

bottom of page