top of page
Pleanáil club nua
Ógras Ceardlann-18.jpg

(Ag bunú club nua? Féach eolas agus cabhair sna naisc a leanas) 

Seo hiad na príomhthosaíochtaí agus sibhse i mbun club óige a chur le chéile

 

Daoine óga 

 

Cinntigh go bhfuil dóthain daoine óga ina gcónaí thart ar an gceantar, gur mhaith leat club óige a bhunú ann.

 

Daoine fásta 

 

Is gá go mbeadh roinnt mhaith daoine fásta san cheantar a thabharfadh am agus fuinneamh don chlub. Tá sé riachtanach go mbeadh daoine fásta bainteach leis an gclub, is fiú an méid is mó daoine agus is féidir a bheith páirteach ag cabhrú san chlub ionas gur féidir róta a oibriú amach.

 

Ionad

 

Ba chóir go mbeadh ionad atá oiriúnach d’imeachtaí an chlub óige a bheith curtha ar fáil m.sh. go mbeadh spás do cluichí, do chruinnithe agus d’imeachtaí oideachasúla.

 

Tacaíocht 

 

Tá sé tábhachtach tacaíocht a lorg roimh bunú an chlub óige. Ba chóir go dtiocfadh an tacaíocht seo ó dhaoine atá lárnach sa cheantar m.sh. Gardaí, múinteoirí, an chléir, saoránaigh aosta, ionadaithe poiblí áitiúla agus go háirithe na tuismitheoirí.

 

Nasc le struchtúir áitiúla 

 

Déan teagmháil le d’ionad seirbhíse óige áitiúil le tacaíocht, treoir agus traenáil a fháil.

 

Traenáil 

 

Tá sé riachtanach go mbeadh an traenáil insealbhaithe ag gach ceannaire nua. 

 

Baill sinsireacha

 

Is féidir le baill sinirseacha ról lárnach a bheith acu san chlub óige ag oibriú leis na ceannairí fásta. Ba chóir go mbeadh traenáil, tacaíocht agus treoir tugtha do na baill sínsireacha seo chomh maith.

 

Pleanáil clár: 

Is rud maith é go mbíonn clár/plean, oibrithe amach don chlub sula dtosaíonn sé. 

 

Bailiúcháin

 

Roimh oscailt an chlub ba chóir go mbeadh dóthain airgid bailithe ag an gclub le costais árachais, treallamh srl. a chlúdach.

Avatar 111
House
Heart & Hands

"Tá sé riachtanach go mbeadh an traenáil insealbhaithe ag gach ceannaire nua"

Avatar 99
Piggy Bank
bottom of page