top of page
Ag maoiniú an chlub
Ógras Maoiniú scoil surfála.jpg

(Ag bunú club nua? Féach eolas agus cabhair sna naisc a leanas) 

Buiséad samplach

Tá an buiséad samplach seo bunaithe ar 30 ball ag freastal ar an gclub óige do thréimhse 30 seachtain. Glacfaidh muid leis fosta go dtógfaidh an club óige páirt i dhá imeacht réigiúnach agus dhá imeacht náisiúnta

Tábla Maoiniú.jpg

Foinsí airgid

Tá go leor slite le hairgead a bhailiú don chlub óige ar bhonn áitiúil, ach a chur ina luí ar an bpobal gur seirbhís iontach an club óige don cheantar agus go dtéann aon infheistíocht sa chlub ar ais isteach san eacnamaíocht áitiúil. Is fíor freisin nuair atá na baill fásta agus imithe ón mbaile, go gcuimhneodh siad ar an gclub mar cheann de bhuanna a gceantar dúchais féin.

 

Seo roinnt samplaí de na deiseanna atá ar fáil chun airgead a bhailiú.

Is féidir imeachtaí urraithe a chur ar siúl, earraí a dhíol, bailiúchán don chlub a eagrú, céilí/dioscó a reachtáil, fógraí a dhíol do nuachtlitir an chlub óige agus ar go leor bealaí eile.

 

Is féidir chur isteach ar dheontas chomh maith, bíonn siad ar fáil ag an gCoiste Gairmoideachais, an Chomhairle Contae, deontas Foras na Gaeilge, comórtais Sheachtain na Gaeilge agus eile.

Foras na Gaeilge 
Coiste Gairmoideachais

 

BÁC

Is féidir le clubanna atá lonnaithe i gcathair Bhaile Átha Cliath cur isteach ar dheontais éagsúla chuig Seirbhísí Óige Chathair Átha Cliath (CDYSB).

Tuilleadh eolais anseo

Ógras Paráid maoiniu.jpg

Cur ina luí ar an bpobal gur seirbhís iontach an club óige don cheantar

bottom of page