Campaí Samhraidh
Beidh Campaí Samhraidh Ógras ar siúl ar-líne i mbliana!
De ghnáth, bíonn Campaí Gaeilge Lae ar siúl ag Ógras ar fud na tíre i mí Iúil gach bliain, ach ar ndóigh i mbliana bhí orainn a bheith cruthaitheach chun ár tseirbhísí a choimeád ar fáil daoibh, agus tá lúcháir orainn a fhógairt go raibh muid in ann ár ngnáthsceideal Campaí Samhraidh, a mbíonn an-tóir orthu, a athchóiriú chun a bheith oiriúnach don fhormáid ar-líne!
Tá Campaí Samhraidh Ógras 2020 Ar-Líne thart, ach coimeád súil ar ár meáin shóisialta (naisc thuas) agus ár nuachtlitir.
Sonraí na gCampaí
Tá costas ar na campaí ar-líne laghdaithe go €10 an duine óg, agus ritheann gach campa ar feadh 1.5 uair a chloig sa lá ó Luan go hAoine sa seachtain chuí, 10rn go 11.30rn (seachas seachtain 4 - féach ar an nóta thíos). 'Sí 8-14 bliain aoisghrúpa na campaí i mbliana.
Tá muid ag tnúth go mbeidh 8-10 daoine óg i ngach seisiún na campaí, le huasmhéid do 12. Beidh an teorainn seo i bhfeidhm chun deis foghlamtha agus spraoi a áisiú dos na daoine óga, agus ar ndóigh chun cinntiú go bhfuil campaí indéanta dos na múinteoirí, áisitheoirí agus ceannairí, agus dírithe ar chaighdeán thar cainníocht.
Fís agus Cuspóirí na Campaí
Fís: Eispéireas spraíúil a thabhairt do pháistí agus do dhaoine óga a spreagfaidh meon dearfach i leith foghlaim na Gaeilge agus a bheidh a chur ar fáil ar-líne ag foireann cháilithe le taithí ar obair óige agus múineadh na Gaeilge.
Cuspóirí:
-
Spás sábháilte a chur ar fáil do dhaoine óga chun gníomhaíochtaí trí Ghaeilge a chleachtadh i rith an tsamhraidh
-
Deis do dhaoine óga Gaeilge a fhoghlaim agus a chleachtadh, agus a bhféinmhuinín i labhairt na Gaeilge a fhorbairt
-
Taithí ar réimse leathan d’imeachtaí spraíúla agus spreagúla, trí mheán na Gaeilge
-
Deis spraoi agus craic a bheith acu i gcomhluadar páistí eile
Roinnt samplaí dos na gníomhaíochtaí a bheidh ar siúil againn ag na Campaí ar líne i mbliana ná:
-
Ciorcal Comhrá trí Ghaeilge
-
Rince/Aclaíocht/Ióga
-
Ceardlanna practiciúla
-
Biongó
-
Ealaín & Ceardaíocht
-
Cluichí
... agus níos mó!
Chomh maith leis seo uilig, déanfaidh na daoine óga Campa+, ina n-oibreoidh siad go neamhspleách ar thionscnamh le téama difriúil gach lá, tar éis an champa.
Féach anseo chun tuilleadh sonraí a fháil faoi na campaí, ina measc cuspóirí, gníomhaíochtaí, cad a bheidh curtha ar fáil/ag teastáil, éiteas an Champa srl.

Clubanna Ar-Líne Ógras 2020/21
. . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . .

Clubanna Laighean

Club Óg-Ógras Léim an Bhradáin
Gach Dara Sathairn, 6-7in
LÁN! - Tá Óg-Ógras Léim an Bhradáin lán do bhaill iontacha Ógras! Ach do gach éinne 7-12 bliain d'aois fós ag iarraidh clárú, tá fáilte ollmhór rompu clárú d'aon Chlub Óg-Ógras thíos, agus is féidir teacht i dteagmháil linn má tá aon cheist agat.

Club Óg-Ógras an tSathairn
Gach Dara Sathairn, 5-6in
Ar-Líne, ag tosnú Sathairn 5ú Nollaig
Do dhaoine óga 10-15bliain

Club Óg-Ógras Nás na Ríogh
Gach Céadaoin, 6-7in
Ar-Líne, ag tosnú Céadaoin 21ú Deireadh Fómhair
Do dhaoine óga 7-12bliain

Club Óg-Ógras Marino
Gach Céadaoin, 5.30-6.30in
Ar-Líne, ag tosnú Déardaoin 3ú Nollaig
Do dhaoine óga 7-12bliain

Club Ógras Dhún Dealgan
Gach Dara Máirt, 7-8in
Ar-Líne, ag tosnú Máirt 13ú Deireadh Fómhair
Do dhaoine óga 10-15bliain

Ógras Laighean
Gach Sathairn, 7-8in
Ar-Líne,
Do dhaoine óga 12-17bliain

Clubanna Uladh

Club Óg-Ógras an Cabhán
Gach Máirt, 6.30-7.30in
LÁN! - Tá Óg-Ógras an Cabhán lán do bhaill iontacha Ógras! Ach do gach éinne 7-12 bliain d'aois fós ag iarraidh clárú, tá fáilte ollmhór rompu clárú d'aon Chlub Óg-Ógras, agus is féidir teacht i dteagmháil linn má tá aon cheist agat.

Club Óg-Ógras Muineachán
Gach Luain, 6.30-7.30in
Ar-Líne, ag tosnú Luain 2ú Samhain
Do dhaoine óga 7-12bliain

Clubanna Mumhan

Club Óg-Ógras Lios Tuathail
Gach Luain, 4.30-5.30in
Ar-Líne, ag tosnú Luain 12ú Deireadh Fómhair
Do dhaoine óga 7-12bliain

Club Óg-Ógras Bhaile Uí Thaidhg
Gach Máirt, 4.30-5.30in
Ar-Líne, ag tosnú Máirt 13ú Deireadh Fómhair
Do dhaoine óga 7-12bliain

Club Óg-Ógras Bhaile An Mhuilinn
Gach Céadaoin, 4.30-5.30in
Ar-Líne, ag tosnú Céadaoin 14ú Deireadh Fómhair
Do dhaoine óga 7-12bliain

Club Óg-Ógras Chathair Corcaigh
Gach Déardaoin, 4.30-5.30in
Ar-Líne, ag tosnú Déardaoin 15ú Deireadh Fómhair
Do dhaoine óga 7-12bliain

Club Óg-Ógras Thrá Lí
Gach Aoine, 4.30-5.30in
Ar-Líne, ag tosnú Aoine 16ú Deireadh Fómhair
Do dhaoine óga 7-12bliain

Clubanna Connacht

Club Óg-Ógras Gaelscoil Mhic Amhlaigh
Gach Luain, 4.30-5.30in
Ar-Líne gach Luain
Do dhaoine óga 7-12bliain

Club Óg-Ógras An Fhairche
Gach Aoine, 6.30-7.30in
Ar-Líne, ag tosnú Aoine 11ú Samhain
Do dhaoine óga 7-12bliain