Campaí Samhraidh Ógras 2025

Beidh Campaí Samhraidh cáiliúla Ógras ar siúl arís i 2025.
Beidh neart ar siúil againn ag na campaí - ar ndóigh beidh na himeachtaí clasaiceach cosúil le Ciorcal Comhrá, Spóirt srl., ach beidh imeachtaí nua, athchóirithe againn freisin ar nós Ceardlanna, Rince, Tóraíocht Taisce.... agus i bhfad níos mó!
Tá clú agus cáil ar Champaí Samhraidh Ógras, agus tá sceitimíní orainn sibh a fheiceáil ansin. Tá tuilleadh eolas faoi na Campaí éagsúla thíos, nó is féidir clárú go díreach anseo:
Sonraí na gCampaí
Tá costas €65 ar Champa. Rithfidh gach campa i mbliana ar feadh 4.5 uair a chloig sa lá: 10rn go 2.30in, Luan go hAoine sa tseachtain chuí, le Turas Lae ar lá amháin san áireamh. 'Sí 7-12 bliain aois-ghrúpa gach campa.
Beidh Campaí á rith i ngrúpaí do 15 duine óg ar a mhéid (agus táimid ag súil go líonfaidh muid iad!), agus beidh ar a laghad beirt dhuine fásta i láthair chun iad a stiúradh - Tá múinteoirí agus ceannairí Ógras cáilithe agus Grinnfhiosraithe ag an nGarda Síochána, le taithí ar obair Óige trí Ghaeilge.
Cuspóirí agus Gníomhaíochtaí:
Cuspóirí:
-
Spás sábháilte a chur ar fáil do dhaoine óga chun gníomhaíochtaí trí Ghaeilge a chleachtadh i rith an tsamhraidh
-
Deis do dhaoine óga Gaeilge a fhoghlaim agus a chleachtadh, agus a bhféinmhuinín i labhairt na Gaeilge a fhorbairt
-
Taithí ar réimse leathan d’imeachtaí spraíúla agus spreagúla, trí mheán na Gaeilge
-
Deis spraoi agus craic a bheith acu i gcomhluadar páistí eile
Roinnt Shampla do Ghníomhaíochtaí ag Campaí Samhraidh Ógras:
-
Ciorcal Comhrá trí Ghaeilge
-
Ceardlanna praiticiúla
-
Ealaíona agus Ceardaíocht
-
Toraíocht Taisce
-
Rince agus Ceol
-
Aclaíocht/Ióga
-
Turas Lae – Day Trip
-
...Agus go leor eile – And lots more!
Féach thíos dátaí agus ionaid Campaí Ógras 2025 agus cliceáil chun clárú - ach coimeád ar intinn go bhfuil spásanna teoranta, so bí gasta ag clárú chun an deis a thapú a bheith linn!


Éiríonn go hiontach leis na campaí gach bliain agus baineann na páistí uilig an-taitneamh astu, so táimid ar bís nach bhfuil orainn díomá a chur ar ár mbaill rialta agus nua atá ag lorg gníomhaíochtaí spraíúla trí Ghaeilge. Bíonn deis ag na páistí an méid Gaeilge atá acu a úsáid i suíomh spraíúil, taitneamhach agus ag foghlaim focail agus abairtí dá bharr. Déanann na campaí forbairt ar fhéinmhuinín an duine óg agus in úsáid na teanga - cothaíonn siad scileanna pearsanta, sóisialta agus cruthaithe, chomh maith le scileanna gaolta, agus tuiscint ghinearálta ar an tsochaí agus ar an bpobal, trí rannpháirtíocht i dtimpeallacht spraíúil, sábháilte.
Táimid fíorbhródúil go bhfaigheann muid aiseolas den scoth ó na daoine óga a thagann chuig na campaí - agus a dtuismitheoirí! - bliain i ndiaidh bliana.
Táimid anseo chun aon cheisteanna a fhreagairt freisin, so má tá aon eolais ag teastáil is féidir ríomhphost a chur chugainn agus beidh muid ar ais i dteagmháil chomh luath agus is féidir.
Tá muid an-bhuíoch d'Fhoras na Gaeilge agus don Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige as ucht maoiniú a chur ar fáil do na campa