top of page
Léim_an_Bhradáin_leis_na_Coirn.JPG

Comórtas Ealaíne agus Seó Ardán

Freagraíonn na hEalaíona cuid de phríomh-aidhmeanna obair fhorbartha leis an duine óg.

 

Gach bliain bíonn Seó Ardáin ag muintir clubanna Óg-Ógras agus Ógras gach Cúige ina dhéanann clubanna an Cúige sin dráma / seó a chuma agus a chur ar siúil do na clubanna eile agus dona tuismitheoirí! Iarrtar ar na baill a gcuid samhlaíochta a úsáid chun dráma a léiriú a phléann le téama áirithe.

Ó 2015 ar aghaidh, bhí deis ag daoine óga iad féin a chur in iúil tríd Damhsa; Ceol (Banna Ceoil); Drámaíocht nó Coiméide. Bhí an comórtas ar siúl ar bhonn réigiúnach agus bhí deis ag na baill casadh le daoine óga eile as clubanna Ógras ar fud an réigiúin.

'Séard atá i gceist ná gníomh ealaíne a reachtáil sa chlub bunaithe ar féilire na bliana, eachtraí náisiúnta agus réigiúnacha, agus ócáidí faoi leith mórthimpeall na tíre.

 

Is iad na h-aidhmeanna ná:

  • Ócáidí cultúrtha a sníomh le saol laethúil na baill ar mhodhanna chruthaitheach ina féidir leo dul i ngleic leis na téamaí agus

  • tuiscint ar thábhacht traidisiúin a fhorbairt tríd rannpháirtíocht a spreagadh ina gceiliúradh

  • Forbairt ar tuiscint maidir le tradisiúin faoi leith ar mhódh gníomhmhúil chun brí a bhaint astu.

 

Is é an modh oibre atá i gceist ná: Roghnaigh ócáid faoi leith agus cur plean le chéile ar cén saghas gníomhaíochtaí a bheadh go maith do baill an chlub chun é a cheilliúradh. Roghnaigh gníomh nó téigh i dteagmhail leis an Oifigeach Forbartha Ealaíne chun smaointe a fháil. Mar shampla, ealaíon nó ceird, ceardlann ceol nó drámaíochta/rince, píosa scríbhneoireachta, scéalaíochta agus irl. Féach freisin ar imeachtaí atá ag tarlú sa cheantair agus go reigiúnach agus is fiú roinnt obair chruthaitheach a bhunú timpeall orthu sin.

Bíonn comórtas ealaíne ar siúil gach bliain idir na
clubanna. Spreagtar na baill píosa ealaíne, idir 15-20
nóiméad, a chruthú bunaithe ar téama na bliaina sin.
Is deis í do na baill a gcuid samhlaíocht a chuir ag
obair agus a gcuid tuairimí i leith an téama a phlé ar
mhodh spraoiúil ag an am céanna le spórt agus
comhoibriú lena chéile agus iad i mbun an phróiseas
cruthaitheachta.

 

Bíonn neart scileanna éagsúla léirithe ag na clubanna,
idir aisteoireacht, ceoil, amhráin, rince, agus caint.

Seo cúpla sampla de na téamaí a bhí againn thar na blianta:

  • Tionchar Dearfach Daoine Óga ar an Domhan

  • An Ghaeilge sa bhliain 2030

 

Tríd plé a dhéanamh ar téama, bíonn ar na grúpaí scéal a chumadh a théann i ngleic leis an téama. Ba mhaith le hÓgras go mbeadh iarracht déanta ag na clubanna ar fad dul i ngleic leis an téama ar mhódh cruthaitheach agus samhlaíoch. 

Cúige Laighean

Bhí Seó Árdáin Laighean ar siúil ar an 8ú Feabhra 2014 i halla Scoil Uí Dhálaigh, Léim an Bhradáin. Chas chlubanna ó Tamhlacht, Nás na Ríogh agus Léim an Bhradáin ar a chéile san ionad. Ba iad Emer de Barra, ó Oireachtas na Gaeilge agus Paula Melvin, ó Coiste Stiúrtha Ógras a bhí mar moltóirí ar an lá. Bhí ard-chaighdeáin aisteoireachta agus amhránaíochta le féiceáil ar an stáitse. Rinne Cathaoirleach Ógras, Breandán Ó Cathasaigh an bronnadh ar an oíche. Sa triú áit, tháinig Club Óg-Ógras Nás na Ríogh, sa dara háit, tháinig club Óg-Ógras Léim an Bhradáin agus san chéad áit bhí Club Spraoi, Tamhlacht, lena dráma. Comhghairdeas mór leis na clubanna a ghlac páirt, bhí an-obair déanta.

 

 

Cúige Chonnacht

Bhí Seó Árdáin Connacht ar siúil ar an 15ú Feabhra 2014. Chuir Óg-Ógras Eanach Dhúin fáilte roimh club Óg-Ógras Mhic Dara agus Óg-Ógras Gaelscoil Mhic Amhlaigh. Cuireadh fáilte is fiche roimh na baill agus tuismitheoirí ar fad a bhí i láthair le neart tae, caifé, ceapairí agus cácaí álainn ar fáil. Ba iad Neasa Ní Chuanaigh, aisteoir ón Spidéal agus Áine Ní Ógáin, múinteoir bunscoile ó Bhaile Átha Cliath a bhí mar moltóirí ar an lá. Sa triú áit, tháinig Club Óg-Ógras An Cheathrú Rua lena dráma "Clann Lir sa bliain 2030", sa dara háit, tháinig club Óg-Ógras Eanach Dhúin lena dráma agus ba iad na buaiteoirí Gaelscoil Mhic Amhlaigh lena dráma. Comhghairdeas mór leis na clubanna a ghlac páirt agus don obair ar fad a rinne siad chun drámaí samhlaithe agus spraoiúil a léiriú ar an lá.

Cúige Uladh

Bhailigh roinnt clubanna Ógras i gCúige Uladh le chéile don Seó Árdain a bhí ar siúl i gCarn Tóchair, Machaire Rátha, Co Dhoire. Dhéan na clubanna taispeántais drámaíochta agus ceoil. Bhain tuismitheoirí agus na páistí an-sult ar fad as. Bhuaigh Ógras an Lúraigh an chéad duais ó thaobh drámaíochta do agus bhuaigh Ógras Ghaoth Dóbhair duais ó thaobh an cheoil do. Bhronn Oifigeach Forbartha Uladh trófaithe ar an dá Chlub.

Freagraíonn na hEalaíona cuid de phríomh-aidhmeanna obair fhorbartha leis an duine óg.

Spreagtar rannpháirtíocht agus foghlaim neamh-theagascach tríd atmaisféar oscailte agus spraoiúil a chothú ina bhfuil deis

ag na daoine óga eispéaras
fiúntach a
bheith acu.

183536_199245200094334_100000265661742_7
Ardán_Inside_Page_1.jpg
bottom of page