top of page
Campa Samhraidh Ógras 2021 - Ar Líne!
Campa ar line 2.gif

Campa Ar Líne 2021

Tar éis bliain aisteach (ach rathúil agus spraíúil!) ar líne, tá Ógras ar bís go bhfuil muid in ann ár gCampaí Samhraidh cáiliúla a chur ar fáil go fisiciúil arís! Ach mar gheall go raibh ár gCampaí Ar Líne an bhliain seo caite chomh hiontach sin, bhí neart fiosrúcháin againn ó thuistí ag iarraidh clárú do champa ar líne arís - agus cé muidne chun diúltú dá leithéid?!

 

Tuigeann Ógras go bhfuil réimse seirbhísí ildánacha ag teastáil in obair óige agus tá a fhios againn ón bhliain seo caite gur féidir linn Campaí Ar Líne den scoth a rith, mar sin seo campa do 2021! Tá sibh millte ;)  

Beidh neart ar siúil againn ag na gcampaí - ar ndóigh beidh na gníomhaíochtaí clasaiceacha cosúil le Ciorcal Comhrá, Cluichí srl., ach beidh gníomhaíochtaí athchóirithe le bheith ar líne agus laistigh againn freisin ar nós Ceardlanna, Rince, Tóraíocht Taisce.... agus i bhfad níos mó!

Tá clú agus cáil ar Champaí Samhraidh Ógras, agus tá sceitimíní orainn sibh a fheiceáil ansin. Tá tuilleadh eolas faoi na Campaí thíos, nó is féidir clárú go díreach anseo:

Tuigeann Ógras go bhfuil réimse seirbhísí ildánacha ag teastáil in obair óige, mar sin
Beidh Campaí 2021 lasmuigh AGUS ar líne!!

scata páistí gearrtha.png

Sonraí na gCampaí 

Tá costas ar na campaí ar líne laghdaithe go €25 an duine óig, agus ritheann gach campa ar feadh 1.5 uair a chloig sa lá ó Luan go hAoine 9-14 Lúnasa, 10rn go 11.30rn. 'Sí 7-12 bliain aoisghrúpa gach campa.


Tá muid ag tnúth go mbeidh 15 daoine óga sa champa (cuirfidh muid campa eile ar siúil an tseachtain céanna má fhaigheann muid a dhóthain éilimh). Beidh an teorainn seo i bhfeidhm chun deis foghlamtha agus spraoi a áisiú dos na daoine óga, agus ar ndóigh chun a cinntiú go bhfuil campaí indéanta dos na múinteoirí, áisitheoirí agus ceannairí. Tá múinteoirí agus ceannairí Ógras cáilithe agus grinnfhiosraithe ag an nGarda Síochána, le taithí ar obair Óige trí Ghaeilge.

Cuspóirí agus Gníomhaíochtaí:​


Cuspóirí: 

  • Spás sábháilte a chur ar fáil do dhaoine óga chun gníomhaíochtaí trí Ghaeilge a chleachtadh i rith an tsamhraidh

  • Deis do dhaoine óga Gaeilge a fhoghlaim agus a chleachtadh, agus a bhféinmhuinín i labhairt na Gaeilge a fhorbairt

  • Taithí ar réimse leathan d’imeachtaí spraíúla agus spreagúla, trí mheán na Gaeilge

  • Deis spraoi agus craic a bheith acu i gcomhluadar páistí eile​

Roinnt Shampla do Ghníomhaíochtaí ag Campaí Samhraidh Ógras:

  • Ciorcal Comhrá trí Ghaeilge 

  • Ceardlanna praiticiúla 

  • Ealaíona agus Ceardaíocht 

  • Toraíocht Taisce 

  • Rince agus Ceol 

  • Aclaíocht/Ióga

  • Turas Lae – Day Trip

  • ...Agus go leor eile – And lots more!

Zoom_edited.jpg

Nótaigh go bhfuil córas nua clárúcháin Easypayments Plus á úsáid ag Ógras i mbliana chun rudaí a shimpliú do gach éinne. Má tá cuntas Easypayments Plus agat cheana féin beidh tú in ann an cuntas sin a úsáid agus díreach na sonraí breise atá ag teastáil dos na campaí a thabhairt dúinn tríd an chuntas sin. Muna bhfuil cuntas, is féidir leat cuntas a dhéanamh go héasca, go sciopadh agus saor in aisce - agus b'fhéidir níos tábhachtaí, sábhálfaidh sé ama duit amach anseo!! Tá an córas EPP an-simplí, ach tá sé nua dúinn chomh maith, so ná bí buartha teacht i dteagmháil linn má tá aon fhadhb clárú agat.

Féach anseo chun mionsonraí a fháil faoi na campaí, ina measc tuilleadh eolas faoi Covid19, cuspóirí, gníomhaíochtaí, cad le tabhairt leat, éiteas an Champa, agus chun aon cheist eile a fhreagairt!

Éiríonn go hiontach leis na campaí gach bliain agus baineann na páistí uilig an-taitneamh astu, so táimid ar bís nach bhfuil orainn díomá a chur ar ár mbaill rialta agus nua atá ag lorg gníomhaíochtaí spraíúla trí Ghaeilge, fiú sa domhan aisteach mar atá sé faoi láthair. Bíonn deis ag na páistí an méid Gaeilge atá acu a úsáid i suíomh spraíúil, taitneamhach agus ag foghlaim focail agus abairtí dá bharr. Déanann na campaí forbairt ar fhéinmhuinín an duine óg agus in úsáid na teanga - cothaíonn siad scileanna pearsanta, sóisialta agus cruthaithe, chomh maith le scileanna gaolta, agus tuiscint ghinearálta ar an tsochaí agus ar an bpobal, trí rannpháirtíocht i dtimpeallacht spraíúil, sábháilte.

Táimid fíorbhródúil go bhfaigheann muid aiseolas den scoth ó na daoine óga a thagann chuig na campaí - agus a dtuismitheoirí! - bliain i ndiaidh bliana. ​

Táimid anseo chun aon cheisteanna a fhreagairt freisin, so má tá aon eolais ag teastáil is féidir ríomhphost a chur chugainn agus beidh muid ar ais i dteagmháil chomh luath agus is féidir.

 

 

 

Tá muid an-bhuíoch d'Fhoras na Gaeilge agus don Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige as ucht maoiniú a chur ar fáil do na campa

bottom of page