top of page

Athoscailt chlubanna Ógras

Updated: Jan 27, 2022

Tá clubanna Ógras ag teacht le chéile go fisiceach arís

De dheasca na paindéime, thiontaigh an óg-eagraíocht Gaeilge is seanbhunaithe,

Ógras, a chuid clubanna ar líne i 2020 agus 2021. I 2022 tá na clubanna ar ais

san fhíorshaol.

Dúirt Maedhbh Ní Dhónaill, Stiúrthóir Náisiúnta Ógras “Cuireann Ógras clár leathan ar fáil do dhaoine óga ar fud na tíre: ina measc gníomhaíochtaí comhoibrithe agus foirne, ceardlanna, imeachtaí ceoil agus ealaíne, tionscadail phobail agus sóisialta, spóirt, turais agus go leor eile. Sa bhreis ar sin, faigheann na baill níos sine deiseanna páirt a ghlacadh i malartuithe idirnáisiúnta, cúrsaí oiliúna agus neart eile. Tá an-bhéim á chur againn ar cheartas aeráide faoi láthair. Tacaíonn na himeachtaí le forbairt scileanna agus féinmuinín na mball.”

D’eagraigh Ógras roinnt campaí agus turais amuigh faoin spéir i 2021 le

huimhreacha teoranta, agus le béim ar shábháilteacht gach éinne trí threoirlínte

an rialtais, an FSS agus Ógras féin a leanúint maidir le Covid-19.


Tá Ógras ag forbairt gréasán a gcuid clubanna timpeall na tíre a thugann deis

do dhaoine óga spraoi a bhaint as imeachtaí éagsúla trí mheán na Gaeilge.

Cuireann Ógras seirbhísí ar fáil ag dhá leibhéal, do dhaoine óga ó 8-12 agus

iadsan ó 13-19.

10 views0 comments
bottom of page