Campa Samhraidh i Marino
- Ógras
- May 14
- 1 min read
Beidh Campaí Samhraidh cáiliúla Ógras ar siúl arís i 2025.

Beidh neart ar siúil againn ag na campaí - ar ndóigh beidh na himeachtaí clasaiceach cosúil le Ciorcal Comhrá, Spóirt, turais lae, Ceardlanna, Rince, Tóraíocht Taisce.... agus i bhfad níos mó!
Tá costas €65 ar Champa. Rithfidh gach campa i mbliana ar feadh 4.5 uair a chloig sa lá: 10rn go 2.30in, Luan go hAoine sa tseachtain chuí, le Turas Lae ar lá amháin san áireamh. 'Sí 7-12 bliain aois-ghrúpa gach campa.
Beidh Campaí á rith i ngrúpaí do 15 duine óg ar a mhéid (agus táimid ag súil go líonfaidh muid iad!), agus beidh ar a laghad beirt dhuine fásta i láthair chun iad a stiúradh - Tá múinteoirí agus ceannairí Ógras cáilithe agus Grinnfhiosraithe ag an nGarda Síochána, le taithí ar obair Óige trí Ghaeilge.
Beidh campa Marino ar siúl i CLG Naomh Uinsionn, Br Mhullach Íde, BÁC 9 ag tosú ar 21 Iúil 2025.
@forasnagaeilge @peig_ie @tuairisc
Commenti