Campaí '25 faoi lán seoil
- Ógras

- Jul 7
- 1 min read
Tá ag éirí go hiontach le Campaí Samhraidh Ógras.
Tá 11 campa ar siúil againn ar fud na tíre faoi láthair (Meitheamh / Iúil 2025). Faoi láthair tá campaí Nás na Ríogh, Léim an Bhradáin, Achaill, Baile uí Thaidhg agus Gaillimh thart. Fós ar siúl tá Trá Lí agus Dún Dealgan . Agus tá campaí Baile an Mhuilinn, Marino, Baile an Bhuineánaigh agus an Caisleán Nua fós le teacht.

Éiríonn go hiontach leis na campaí gach bliain agus baineann na páistí uilig an-taitneamh astu, mar sin táimid ar bís nach bhfuil orainn díomá a chur ar ár mbaill rialta agus nua atá ag lorg gníomhaíochtaí spraíúla trí Ghaeilge. Bíonn deis ag na páistí an méid Gaeilge atá acu a úsáid i suíomh spraíúil, taitneamhach agus ag foghlaim focail agus abairtí dá bharr.

Déanann na campaí forbairt ar fhéinmhuinín an duine óg agus in úsáid na teanga - cothaíonn siad scileanna pearsanta, sóisialta agus cruthaithe, chomh maith le scileanna gaolta, agus tuiscint ghinearálta ar an tsochaí agus ar an bpobal, trí rannpháirtíocht i dtimpeallacht spraíúil, sábháilte.
@forasnagaeilge @peig_ie @tuairisc #anpáipéar







Comments