top of page

Físeán Ógras: an Domhan!

Físeán Cheartas Aeráide nua ó Ógras:

Físeán Ógras: an Domhan!

Le tacaíocht ón Chiste um Cheartas Aeráide Lá na Cruinne – 22 Aibreán 2022


Guthanna Óige an Domhain le Cloisteáil faoin Ghéarchéim Aeráide!

Sheol an óg-eagraíocht Gaeilge Ógras físeán inniu, Lá na Cruinne, a thaispeánann tionchar athrú aeráide ar fud an Domhain. Tá scéalta san fhíseán ó dhaoine óga mórthimpeall an Domhain ag caint faoin bhealach ina gcuireann athrú aeráide isteach ar a gcuid cearta.

“Tá Ceartas Aeráide iontach tábhachtach do dhaoine óga”, a dúirt Alison Gilliland, Ard Méara Baile Átha Cliath agus í ag tacú le teachtaireacht na físeáin. “Níl ach pláinéid amháin againn agus caithfimid go léir, óg agus sean, sa bhaile agus thar lear, obair le chéile chun ár

dtodhchaí a chinntiú.”

Taispeánann an físeán seo na droch-thorthaí ar athrú aeráide ar dhaoine óga ón Aifric chuig an Astráil. Tá cearta daoine óga i gcéin á sárú agus is féidir le daoine óga in Éirinn cabhair agus tacaíocht a thabhairt.

Gach bliain déantar 22 Aibreán a cheiliúradh mar Lá na Cruinne. Úsáidtear imeachtaí ar Lá na Cruinne ar fud an domhain chun cabhrú le daoine a mhúineadh conas gur féidir leo cabhrú lenár bpláinéid. Tuairiscíodh go ndéanann os cionn 1 billiún duine rud éigin ar Lá na Cruinne nó timpeall air gach bliain mar iarracht cuidiú leis an gcomhshaol.


Cheana féin tá Ógras, le tacaíocht an Ciste um Cheartas Aeráide ón Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, tar éis neart oibre spraíúil agus suimiúil a dhéanamh le cúpla bhliain anuas faoi cheartas aeráide. Ó fhíseáin ar TikTok faoin mear fhaisean go éicibrice go comórtas díospóireachta, tá gníomhaíocht spraíúil agus oideachasúil ar siúl ag an óg eagraíocht.

Tá níos mó le teacht ó Ógras. “Táimid ag chur polasaí cuimsitheach glas le chéile faoi láthair ina gcuirfear caomhnú aeráide, fiadhúlra agus cultúir i gcomhthéacs domhanda ach le gníomh áitiúla”, a dúirt Maedhbh Ní Dhónaill, stiúrthóir Ógras, ag seoladh na físe nua. “Agus beidh feachtas cártaí poist á seoladh againn an mhí seo chugainn ina mbeidh beartais dearfacha ón rialtas á moladh againn.”


@LordMayorDublin @tuairiscnuacht @nuachtTG4 @nuachtRTE @CaoimheNLaighin @INiNuallain @ailbheom @ImeachtaiTG4 @meabhnit @RaidioRiRa @seantodubhchon @raidionalife


27 views0 comments
bottom of page