top of page

Leabhra Feabhra le Ógras

Tá Ógras ag glacadh páirte i #LeabhraFeabhra 2022.

An sprioc atá ag Leabhra Feabhra ná leabhair Ghaeilge a cheannach agus a thabhairt mar fhéirín le linn Feabhra.

Seo traidisiún ag Gaeil ar feadh 8 mbliana ar Twitter! Is féidir linn leabhair Ghaeilge, foilsitheoirí, údair agus maisitheoirí iontacha againn a chur chun cinn ar Instagram freisin.

An príomhrud ná na leabhair Ghaeilge is ansa linn a spreagadh is moltaí a thabhairt le linn mí Feabhra. Beidh Ógras ag iarraidh a leithéid a chur chun cinn a spalpadh le páistí, déagóirí nó daoine móra.

Beimid ag moladh leabhar nó dhó sa tseachtain agus cuirimid fíor fáilte roimh bhur moltaí. Tóg féinphic agus tú i mbun leabhar Ghaeilge a léamh. Abair linn leabhar a thaithin go mór libh.

Beidh Cúla4 ag bronnadh duais do #LeabhraFeabhra @cula4_tg4

Tá Children's Books of Ireland agus Libraries Ireland linn freisin @kidsbooksirel @librariesireland

20 views0 comments
bottom of page