top of page

Ógras ag Earcú! Oifigeach Forbartha páirt-aimseartha á lorg i gCúige Chonnacht.

Tá folúntas ag Ógras le haghaidh Oifigeach Forbartha Óige i gCúige Chonnacht. Post páirt-aimseartha 20-25 uair sa tseachtain atá i gceist agus tá suas go dtí an 23ú hEanáir le hiarratas a chur isteach chugainn as CV agus litir iarratais a sheoladh chuig maedhbh@ogras.ie


Beidh roinnt dualgais i gceist sa phost ina measc ógchlubanna Gaeilge a bhunú agus a fhorbairt, cláracha óige a sholáthar, cúrsaí oiliúna do cheannairí a eagrú & a reáchtáil agus níos mó. Tá ardchaighdeán Gaeilge labhartha & scríofa ag teastáil, mar aon le taithí & tuiscint ar obair óige.


Tuilleadh eolas ar fáil ag an doiciméad thíos - tar ag obair linn!


Fógra & Sainchuntais Poist OF 2023
.doc
Download DOC • 943KB

Recent Posts

See All

Comments


bottom of page