top of page

Óg-Ógras sa choill

Bhí lá iontach ag baill Óg-Ógras Chiarraí ag siúl agus ag foghlaim i gCoill Bhaile Ó Sioda ar an Satharn. D'fhoghlaimíodar faoin bhflóra agus fána agus an fiadhúlra sa choill.



Tá stair fhairsing ag an gcoill ó bhunaigh Edward Denny tar éis bhua ar Iarla Dheasumhan i 1583. Thugadar cuairt ar an tSeanchaisleán, suíomh an mhuilinn uisce agus ar an bhfothrach ornáideach. Chonaic said 'Bóthar an Chóiste' an 'sean-mhótarbhealach' idir Trá Lí agus Oileán Chiarraí. Ag deireadh an turais, fuair gach duine féirín beag chun críoch a chur le lá iontach faoin ngrian.

3 views0 comments
bottom of page